»

»

»

Seachtain na Scoileanna Caitiliceacha

Scoil Bhríde - Mionloch

Clár - Menu

hover where > for submenu

A Naomh Bríd,

cabhrigh linn

a bheith cinéalta cneasta

cosúil leatsa,

 Áiméan.

Is mar seo a dhéantar Cros Bhríde:

Ábhair:

  • 16 luachair/ 16 shop
  • 4 bhanda leaisteacha
  • siosúr

Modh:

  1. Cuir luachair amháin go ceartingearach. Fill an dara luachair ina dhá leath mar atá sa phictiúr.
  2. Cuir an chéad luachair cheartingearach i lár an dara luachair fillte.
  3. Coinnigh greim teann ar an lár le d’ordóg agus do mhéar.
  4. Cas na luachra 90 céim tuathalach sa tslí go bhfuil an taobh oscailte den dara luachair ag síneadh suas go cothrománach.
  5. Fill an tríú luachair ina dhá leath agus thart ar an dá chuid den dara luachair chun go luífidh sí go cothrománach ó chlé go deas i gcoinne na chéad luachra. Coinnigh greim daingean orthu.
  6. Cas na luachra 90 céim tuathalach sa tslí go bhfuil an taobh oscailte den tríú luachair ag síneadh suas go cothrománach.
  7. Fill luachair nua ina dhá leath thar agus trasna gach luachra agus ag síneadh suas.
  8. Déan céim 1-7 arís go dtí go bhfuil gach luachair úsáidte agat.
  9. Socraigh na luachra le banda leaisteach agus gearr bun na luachra atá ag gobadh amach.
  10. Anois tá an cros réidh le crochadh.