hover where > for submenu
Ná tabhair aon rud le hithe dóibh
Leim spásfhirín go beo
Isteach i m’leabasa aréir
“Cad as ar thainig tusa?
Díreach anuas ón spear?”
“Bog isteach!” ar seisean
“Táim préachta leis an bhfuacht-
Aon rud maith ar an mbosca?”
“Ta” arsa mise, “An Nuacht”
“Bhuel, cuir ar siúl laithreach é!”
Ars’ an spásfhirín ag crith,
“Agus tabhair dom rud éigin le hithe
Táim stiúgtha – rud ar bith!”
Fuair mé ceapaire feola dó
Agus d’fhéach se air faoi dhó:
“Tá brón orm” arsa an spásfhirín,
“Rud ar bith ach bó”
Fuair mé pláta pónairí dó
Sailéad agus rís
Agus shuigh sé ansin ag ithe
Is ag breathnú ar an teilifís;
Is duit an léitheoir nuachta:
“Tá firiní i mBaile Átha Cliath-
Ach ní dhéanfaidh siad dochar duitse
Ma choinníonn tú iad ó bia!