Scoil Bhríde - Mionloch

Clár - Menu

hover where > for submenu

Paidreacha - Prayers

Comhartha na Croise

In ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Áiméan.

Altú Roimh Bia
Beannacht ó Dhia orainne,
atá ag suí chun boird le chéile.
Beannacht ar an mbia
a itheann muid inniu.
Beannacht ar na lámha
a d'ullmhaigh dúinne é.
Beannacht ó Dhia Dílis orainn féin.
Áiméan.

Altú Tar Éis Bia
Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug bia dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug cairde dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug gach rud dúinn.
Go raibh maith agat, a Dhia.

Áiméan.

Paidir Na Maidine
A Dhia, tá grá agat dom.
Bíonn tú liom de lá is de oíche.
Ba mhaith liom grá a thabhairt duit,
gach nóiméad den lá.
Ba mhaith liom tú a shásamh.
A Athair, cabhraigh liom.
Áiméan.

Paidir na hOíche

A Dhia, a Athair, molaim thú

As ucht do chineáltais liom inniu.

As ucht mo chairde molaim thú,

Agus as an teaghlach a thug tú dom.

I ndorchadas na hoíche cosain mé

Solas na maidine go bhfeice mé. Áiméan.