hover where > for submenu
Peigín Leitir Móir
curfá:
O gairim gairim í,
Agus gairim í, mo stór;
Míle grá le m'anam í
'S í Peigín Leitir Móir!
Éirigh suas, a Pheigín
Agus seas ar bharr an aird
Comhar do chuid bullán
Agus féach an bhfuil siad ann.
curfá
Tá Bríd agam 's tá Cáit agam
'Sí Peig an bhean is fearr;
Cibé fear a gheobhas í,
Nach air a bhéas an t-ádh.
curfá
Chuir mé scéala siar chuici
Go gceannóin di bád mór;
'Sé an scéal a chuir sí aniar chugham
go ndéanfadh leathbhád seoil.
curfá
Tá iascairí na Gaillimhe
Ag teacht anoir le cóir
Le solas gealaí gile
Nó go bhfeicidís an tseoid.
curfá deiridh:
Is ó, gairim, gairim í
Agus gairim í mo stór
Míle grá le m'anam í
Is gearr go mbeidh sí mór!
Amhrán Na bhFiann
Sinne Fianna Fáil
Atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua
Thar toinn do ráinig chugainn.
Faoi mhóid bheith saor,
Seantír ár sinsir feasta
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráil
Anocht a théim sa bhearna baoil,
Le gean ar Ghaeil chun báis nó saoil
Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar
Seo libh canaigí Amhrán na bhFiann.
Óró Sé Do Bheatha Abhaile
’Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar
do bé ár gcreach tú bheith i ngéibhinn
do dhúiche bhreá i seilbh meirleach
's tú díolta leis na Gallaibh.
curfá:
Óró, sé do bheatha 'bhaile
óró, sé do bheatha 'bhaile
óró, sé do bheatha 'bhaile
anois ar theacht an tsamhraidh.
Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Francaigh ná Spáinnigh
's cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
curfá
A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam
muna mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch
ag fógairt fáin ar Ghallaibh.
curfá
Báidín Fheilimí (Báidín Fheilimidh)
Báidín Fheilimí d'imigh go Gabhla,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann,
Báidín Fheilimí d'imigh go Gabhla,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
curfá:
Báidín bídeach, báidín beosach,
Báidín bóideach, báidín Fheilimí ,
Bádín díreach, báidín deontach,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann
Báidín Fheilimí d'imigh go Toraigh,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann,
Báidín Fheilimí d'imigh go Toraigh,
Báidín Fheilimí is Feilimí ann.
curfá
Báidín Fheilimí briseadh i dToraigh,
Iasc ar bord is Feilimí ann,
Báidín Fheilimí briseadh i dToraigh,
Iasc ar bord is Feilimí ann.
curfá
The Fields Of Athenry
By a lonely prison wall,
I heard a young girl calling.
Micheal they are taking you away.
For you stole Trevelyn's corn,
So the young might see the morn.
Now a prison ship lies waiting in the bay.
Low lie the Fields of Athenry,
Where once we watched the small free birds fly.
Our love was on the wing we had dreams and songs to sing.
It's so lonely around the Fields of Athenry.
By a lonely prison wall,
I heard a young man calling.
Nothing matters Mary when you're free.
Against the Famine and the Crown,
I rebelled they cut me down.
Now you must raise our child with dignity.
Low lie the Fields of Athenry,
Where once we watched the small free birds fly.
Our love was on the wing we had dreams and songs to sing.
It's so lonely around the Fields of Athenry.
By a lonely harbor wall,
She watched the last star falling.
As that prison ship sailed out against the sky.
Sure she'll wait and hope and pray,
For her love in Botany Bay.
It's so lonely around the Fields of Athenry.
Low lie the Fields of Athenry,
Where once we watched the small free birds fly.
Our love was on the wing we had dreams and songs to sing.
It's so lonely around the Fields of Athenry.
It's so lonely around the Fields of Athenry.
Carnival na nGaedheal
Na Gaeil, na Gaeil
Cumann Lúthchleas na nGaedheal
Caith do gheansaí, lean do chontae
Cumann Lúthchleas na nGaedheal
Calóga Sneachta
Calóga sneachta ag titim, ag titim, ag titim,
Calóga sneachta ag titim, ag titim as an spéir.
Brat bog bán ar an talamh, an talamh, an talamh,
Brat bog bán ar an talamh, nach deas an brat bog é?
Calóga sneachta ag titim, ag titim, ag titim,
Calóga sneachta ag titim, ag titim as an spéir.