Clár - Menu

hover where > for submenu

Filíocht


Athair
le
Nuala Ní Dhomhnaill

N’fheadar fós
an ar maidin
nó an tráthnóna
a chonac ann é
ina sheasamh
leis an ngeata
is hata mór dubh
ar a cheann
an raibh
aimsir an dúluachair
ag teacht
nó ag imeacht uainn
nó an cuimhin liom
i ndáiríre é
is nach taibhreamh
a d’fhan im’ cheann
ach pé rud eile de
bhí sé fuar fuar fuar fuar
bhí scáilí fada dorcha
is grian mhí-lítheach bhán
agus is ag imeacht
a bhí sé sin
mar ina dhiaidh sin
ní raibh sé ann
is bhí mé a dó
nuair a tharla seo
nó a trí
ar an gcuid is mó
is níl a fhios agam
ach gur cuimhin liom
m’athair ag fágaint baile
maidin i mí Feabhra
nó tráthnóna sa bhFómhar.

 

 



 

Fo-roghachláir   -   Page Submenus